Cad é tá ar siúl: Ceolchoirm

Cur síos

‘Pádraic Ó Conaire’ – Aiseirí!

Beathaisnéis dátheangach le Diarmuid De Faoite

Am
8pm
Dáta
Dé hAoine 11 Márta 2016
Ionad
Cultúrlann Uí Chanáin
Praghas
£5.00

Tuairisc Imeachta

Nuair a céad léiríodh ‘Pádraic Ó Conaire’ i 2001 bhí na léirmheastóirí ar aon fhocal agus cúig réalt á dháileadh acu ar an seó aonair eachtrúil, eipiciúl seo. “Fuinniúl, spleodrach, cumasach agus lán de shamhlaíocht” a bhí ag Foinse, “Tour de Force’ a bhí ag LÁ , “a terrific show” a dúirt an Tribune agus “mesmerising” a dúirt an Irish Times.

Nuair a fógraíodh clár comóradh 2016, mhothaigh Diarmuid de Faoite gurbh é a dhráma ‘Pádraic Ó Conaire’ , nár léiríodh le trí bhliana déag roimhe sin, an ráiteas ealaíona polaitiúla is fearr a d’fhéadfadh sé a dhéanamh in ómós d’fhís na Cásca, 1916. Baineann an dráma ní amháin le saol agus saothar an Chonairigh ach baineann freisin leis an tréimhse staire sin go léir: bunú Chonradh na Gaeilge, an athbheochan Cheilteach, an Éirí Amach, an Sóisialachas, Cogadh na gCarad agus bunú an tSaorstáit. Ach ní léacht pholaitiúl atá sa dráma ach an oiread ná é, dráma fisiciúl, físiúl, foclach, dhá theangach, tragóideach, greannmhar, measúil, aonarach agus le hos cionn triocha carachtair ann san am céanna! Athraíonn de Faoite ó charachtar go carachtar mar a bheadh chameleon ann, ó theanga go teanga le clisteacht béil agus ón bhfoclaíocht go dtí an fisiciúlacht le coiscéim éadrom.

Sóisialaí, náisiúnaí, fánaí agus pótaire ab ea Pádraic Ó Conaire. Anseo againn tá scéal a bheatha trí shúile a cháirde: Mícheál mac Liammóir, Austin Clarke, Liam Ó Flaherty, Michael Collins agus go leor eile ina measc. Ach ansin arís tá dearcadh na heaglaise ann, dearcadh an stáit agus dearcadh Phádraic fhéin ag teacht salach orthu. An greann, an grá, an brón agus an briseadh, bainfidh ‘Pádraic Ó Conaire’ deora gháirí agus ghoil asat.

“….A warts and all account of a forgotten genius, a hopeless drunk and an inveterate sponger. Comic, tragic and wonderfully compassionate, ‘Pádraic Ó Conaire’ should not be missed.” *****   The Irish Times

“This was a truly marvellous experience… de Faoite brings us on a roller coaster of emotion… The story may be Ó Conaire’s, but the genius in this particular work is undoubtedly de Faoite’s.” Irish Theatre Magazine

Clibeanna Imeachta

Event Type

Event Genre

Imeachtaí eile: Ceolchoirm

Cathal Hayden & Seamie O'Dowd

Déardaoin 17 Márta 2016

Ionad: An Croí

Praghas: saor in aisce

Tuilleadh Eolais

Clann Mhic Ruairí

Dé hAoine 04 Márta 2016

Ionad: Cultúrlann Uí Chanáin

Praghas: £5.00

Tuilleadh Eolais