Óige

Club do Ghaeilgeoirí óga amháin is ea Club Óige Setanta

Déantar gach aon rud sa chlub trí mheán na Gaeilge. Cuireann muid imeachtaí ar fail do dhaoine óga sa dóigh is go dtig leo cur leis na scileanna pearsanta agus sóisialta s’acu. Déantar na himeachtaí uilig taobh amuigh den scoil.

Campa Samhraidh Chlub Óige Setanta (Campa Samhraidh do pháistí bunscoile).

Seachtain 1: 2ú Lunasa – 6ú Lunasa
Seachtain 2: 9ú Lunasa – 13ú Lunasa

Má tá suim ag páiste s’agat cur scairt ar 028 71264132.