Blog

Cathair an Chultúir 2013

Tá súil ag pobal na Gaeilge i nDoire go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge le feiceáil mar chuid de Chathair an Chultúir 2013 i ndiaidh do chruinniú poiblí a bhí ar siúl i gCultúrlann Uí Chanáin ar an Luan 8ú Samhain.  Ba é seo an chéad chruinniú as sraith de chruinnithe poiblí a bheas ar siúl le grúpaí difriúla sa phobal le moltaí agus dearcadh an phobail a fháil maidir le Cathair an Chultúir 2013.  Tugadh deis do phobal na Gaeilge a thuairimí a thabhairt, rud a rinneadh, agus ba léir nach raibh duine ar bith sásta leis an easpa Gaeilge atá bainte le Cathair an Chultúir.  Mar th

Síofra Ní Shluaghadháin

Dia daoibh. Síofra Ní Shluaghadháin anseo. Tá mé sé bliana déag d’aois agus is scoláire mé de chuid na hIdir-bhliaina i gColáiste Ailigh, Leitir Ceanainn. Beidh mé anseo sa Chultúrlann gach Céadaoin ar thaithí oibre. ‘Sé seo mo dhara seachtain ag obair anseo, agus faoi láthair, is mó an taithí a bhfuil a fáil agam, idir taighde agus bailiú eolais.