Caife Fáilte

Caife

An bhfuil ocras ort?

Is áit ciúin é Caife Fáilte ina bhfuil daoine, idir Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí, ábalta teacht isteach agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh. Cruthaíonn an fhoireann atmaisfeár deas cairdiúil.  Is é Caife Fáilte an t-aon áit i nDoire ina bhfuil Gaeilgeoirí na cathrach ábalta teacht le chéile agus scith a ligint agus chomh maith leis sin is é an t-aon Caife i nDoire ina bhfuil an fhoireann uilig ag caint as Gaeilge nó ag foghlaim Gaelige. Tá cuid mhór den foireann ag freastal ar ranganna sa Gaelaras. Nuair atá siad sa Caife bíonn siad ag cleachtadh a gcuid Gaelige lena custaméirí nó le duine ar bith a bhfuil Gaelige acu.

Cúpla bliain ó shin, thosaigh an Caife ag úsáid táirgí trádáil chóir. Tá muid iontach sásta agus brodúil as na táirgí seo. Sílim go bhfuil na táirgí trádáil choir níos fearr chomh maith.

Tagann páistí ó mhéanscoileanna béarla chuig an Gaelaras ar cuairt go rialta. Seo páistí atá ag foghlaim Gaelige ar scoil. Bhí siad sa Chaife fosta agus bhi orthu bia a ordú as Gaelige. Seo seans maith doibh a gcuid Gaelige a chleachtadh in áit phoibí. Tagann cúpla de na páistí seo isteach lena dtuismitheoirí ó am go ham.

Tuilleadh Eolas: 02871369741

Uaireanta Oscailte
Luan-Satharn8am-5pm
Máirt-Déardaoin8am-9pm