An Cheathrú Ghaeltachta

An Cheathrú Ghaeltachta

Tá nasc domhan le fada ag pobal an Chreagáin, Thaobh an Bhogaigh agus Thobar an Fhíoruisce leis an Ghaeilge.  Leoga, d’fhéadfadh an mhórchuid de na háitritheoirí a bhfréamhacha a rianú siar go Gaeltachtaí Thír Chonaill.  Ag tús an 20ú chéid, bhí cúig chraobh de Chonradh na Gaeilge i nDoire, an chuid is mó acu lonnaithe i dTaobh an Bhogaigh.  Sna 1940í agus 1950í, bhí níos mó ná céad ball ag Craobh Sheáin Uí Dhubhláin agus, in ainneoin na ndeacrachtaí, chuireadar an Ghaeilge chun cinn ar bheagán acmhainní seachas a ngrá don teanga, obair chrua agus díograis.

Sna 1980í, léirigh túistí an cheantair a ndílseacht don Ghaeilge trína bpáistí a chur chuig naíolanna sa Chreagán agus i dTaobh an Bhogaigh agus uathu siúd chuig Bunscoil Cholmcille, an chéad Ghaelscoil i nDoire.  I 1985, bhunaigh Craobh Cholmcille de Chonradh na Gaeilge oifig i dTeach an Choilm.  Faoi dheireadh, bhog an Chraobh chuig Mórshráid Shéamais agus d’fhás ina heagras, An Gaeláras atá lonnaithe anois i gCultúrlann Uí Chanáin.  I gcomhar le gníomhaithe pobail agus túistí ón cheantar, bhí An Gaeláras bainte le bunú Ghaelscoil Éadain Mhóir, ceann de na gaelscoileanna is fearr in Éirinn atá suite anois idir Taobh an Bhogaigh agus Tobar an Fhíoruisce.

Is fianaise í tógáil féin na Cultúrlainne ar Mhórshraid Shéamais tiomantas phobal Dhoire don Ghaeilge.  Tá sé seo léirithe ag fás na hearnála Gaeloideachais, méadú i líon na bhfoghlaimeoirí ag freastal ar ranganna Gaeilge agus in úsáid comharthaí Gaeilge ar fud na cathrach.

Tá An Gaeláras tar éis tús a chur le cuid eile den fhás seo trí Cheathrú Ghaeltachta a bhunú i gceantair an Chreagáin, Thaobh an Bhogaigh agus Thobar an Fhíoruisce, ag síniú ón Chultúrlann féin trí Thaobh an Bhogaigh chuig Gaelscoil Éadain Mhóir suas chuig an Chreagán

Déanfaidh an tionscadal bród sa chomharsanacht a spreagadh, a chothú agus a chur ina luí trí:

Timpeallacht fhisiciúil an cheantair a fheabhsú trí ardú comharthaí Gaeilge agus dátheangacha i bpáirtíocht le heagrais phobail, ghnó agus reachtúla;

  • Saintáirge turasóireachta cultúrtha a fhorbairt i gcomhoibriú le Turais SaorDhoire, Iarsmalann ShaorDhoire, TRIAX, Teach an Choilm, Fiontar an Bhaile Mhóir, Gaelscoil Éadain Mhóir, Gailearaí an Phobail, BTTÉ, Comhairle Chathrach Dhoire agus grúpaí eile; agus
  • Deiseanna eacnamaíochta a uasmhéadú d’áitritheoirí, ghnóthaí agus ghrúpaí eile atá ar fáil ó chnuasach na n-eagras Gaeilge agus cultúrtha sa cheantar.

Ní éireoidh leis an tionscadal seo ach le tacaíocht agus rannpháirtíocht ó áitritheoirí, eagrais phobail agus ghnó i gceantair an Chreagáin, Thaobh an Bhogaigh agus Thobar an Fhíoruisce.  Tugaigí bhur dtuairimí, smaointí agus moltaí ar chonas ar féidir libh a bheith páirteach sa chuid seo is déanaí d’athbheochan na Gaeilge go háitiúil.

Teagmháil:          
  
T: 028 7126 4132 
F: 028 7126 9292 
R: donncha@culturlann-doire.ie