Coláiste an Phobail

an bhfuil gaeilge agat?

Is é Coláiste an Phobail an rannóg oideachais de chuid na Cultúrlainne. Tá Coláiste an Phobail tiomnaithe ar an teanga Gaeilge a chur chun cinn mar theanga labhartha agus mar shlí bheatha. Is cinnte go gcuireann foghlaim na Gaeilge le saol an té atá ag foghlaim agus leis an phobal ina bhfuil sé ina chónaí ann. Tá an teanga ag iarraidh níos coitianta sa cheantar seo, agus sa lá atá inniu ann thig leat bualadh le Gaeilgeoirí i ngach aon ghné den saol laethúil- is féidir post a fháil trí mheán na Gaeilge ag obair ar dhul chun cinn na teanga, nó is féidir cuidiú le cruthú cheathrú Gaeltachta, rud atá ag tarlú faoi láthair i nDoire. Is í foghlaim na Gaeilge an chéad chéim ar an dréimire seo.