Foghlaim Araibis ag an Chultúrlann

An bhfuil suim agat san Araibis? Beidh sraith bhlaschúrsaí saor in aisce ar siúl i gCultúrlann Uí Chanáin agus ina dhiaidh sin cuirfidh muid tús le bunchúrsa Araibise 8 Seachtaine. Is deis ar dóigh é seo chun teanga nua a bhlaiseadh agus chun fáilte níos fearr a chur roimh na himircigh atá ag teacht go Doire. Tosóidh na seisiúin seo Dé hAoine 29ú Eanáir @ 10r.n agus beidh siad ar siúl ar feadh 4 seachtaine. Tá siad saor in aisce agus tabharfaidh siad roinnt frasaí bunúsacha duit.

I ndiaidh sraith bhlaschúrsaí saor in aisce, cuirfidh muid Bunchúrsa 8 seachtaine ar fáil san Araibis. Tosóidh sé Mí Márta/Aibreán agus tá an túsdháta le cinntiú ach mairfidh sé 8 seachtaine. Cuirfidh sé ag labhairt in Araibis thú agus tá súil agam go mbeidh níos mó cúrsaí á leanúint.

Blaschúrsaí:
Aoine 29ú Eanáir – 10:00-11:00
Aoine 5ú Eanáir – 10:00-11:00
Aoine 12ú Eanáir – 10:00-11:00
Aoine 19ú Eanáir – 10:00-11:00

Má tá suim agat sa chúrsa seo, déan teagmháil le Carol nó Fiachra a luaithe agus is féidir: carolmc@culturlann-doire.ie; fiachra@culturlann-doire.ie.